| Chuir Ariel Prometheus, compántas ealaíne tine, ar bun amach in 2007, agus thug siad a chéad seó ag an Unfringed Festival i Luimneach i mí na Feabhra 2008. |
Cúlra
Thosaigh Ariel ar an líníocht arís in 1998, toisc nach raibh sí in ann leanúint leis an ealaíon ar scoil, agus is le saothair bheoga theibí a bhí sí ag plé ar dtús, ag úsáid pastal bog agus ola. Chuaigh sí leis an bpéinteáil éadain agus leis an ealaín sráide tar éis di teacht go hÉireann in 2001 agus thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an ealaín Cheilteach agus ar chruth an duine in 2004.
D'fhoghlaim Ariel an Ghaeilge in 1996 agus bhog sí ó Sydney na hAstráile go hÉireann go buan in 2000, agus is iomaí rud Gaeilge a thionscain agus a chomheagraigh sí ó shin i leith, idir cheardlanna sa drumadóireacht Afraiceach, ióga, damhsa boilg agus scileanna sorcais chomh maith le seisiúin
speed-dating as Gaeilge d’imeachtaí Gaeilge Fhéile Pádraig Bhaile Átha Cliath, agus scéim scileanna sorcais as Gaeilge i scoileanna timpeall Baile Átha Cliath agus na hÉireann i gcomhar
le DTE Inc.
D'oibrigh Ariel mar thaighdeoir, léiritheoir agus láithreoir i réimse na craoltóireachta raidió Gaeilge i Sydney, Béal Feirste agus Baile Átha freisin, agus de bharr a cuid oibre le iMeasc, líonra deonach d’inimirceoirí le Gaeilge idir 2005 & 2006, bhailigh sí, thar ceann iMeasc Gradam na hAislinge/TG4 le haghaidh Sársheirbhísí ar son na
Gaeilge in 2006.
Tá Ariel ag obair mar ealaíontóir stiltsiúltóireachta ag féilte agus imeachtaí ar fud Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann ó 2001 agus ba í Banríon na Sneachta í ag féile Lasta Shoilse na Nollaig i mBaile Átha Cliath ó 2005 agus príomhíomhá Fhéile Pádraig Bhaile Átha Cliath in 2007, agus le feiceáil ar bhusanna ar fud Bhaile Átha Cliath in 2007.Chuir Ariel
Prometheus, compántas ealaíne tine, ar bun amach in 2007, agus thug siad a chéad seó ag an
Unfringed Festival i Luimneach i mí na Feabhra 2008. D’fhorbair sí compántas ealaíontóirí stiltsiúltóireachta,
Na Fomhóraigh, freisin, le tacaíocht deontais ó Ealaín na Gaeltachta/Údarás na Gaeltachta/na Comhairle Ealaíne, agus thug an compántas seónna ag go leor féilte timpeall na hÉireann in 2008.
|
|
|
Chuir sí
Stát Neamhspleách Sonais, compántas drámaíochtagrinn sráide, ar bun in 2008 freisin,agus thug siadsan a chéad seó,
lapstick Soldiers, ag na World Street Performance Championshipsm> i mí Mheitheamh 2008.
Tá Ariel i mbun dioplóma iarchéime san Oideachas um Ealaín Phobail ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha faoi láthair.
|
|