|
Seónna agus Compántais
Tá chuile dhuine go sona sásta sna Fomhóraigh, buíon fhathach is drumadóirí Ceilteacha, go dtosaíonn duine díobh ag taispeáint aisti féin le hAdharc órmhaisithe na Teamhrach a d'aimsigh sí faoi Lia Fáil. Bíonn troid fhíochmhar eatarthu agus oidhreacht na Teamhrach féin ar fáil don té is láidre láimhe. Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, an Chomhairle Ealaíon, scriptithe ag Darach ó Scolaí le healaín Cheilteach péinteáilte de láimh ag Ariel Killick.
Is éard atá sna Fomhóraigh ná compántas drumadóirí djembe ar stilteanna a chuir Ariel Killick, péinteálaí, ar bun in 2005. Bhí sí ag iarraidh gné dhrámaíochta Gaeilge a fhí isteach sa léiriúchán ó thús, agus chabhraigh tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta ag tús 2008 léi léiriúchán siamsaíochta sráide ardchaighdeáin a chruthú, lena dtugtar gnéithe de thraidisiúin ársa ealaíne is teanga na hÉireann agus cheol na hAfraice le chéile agus lena gcuirtear idir an Ghaeilge agus an t-idirchultúrachas chun cinn.
Tá téama an tseó tráthúil go maith, agus Adharc órmhaisithe na Teamhrach ar fáil don té is láidre láimhe. Is é Darach Ó Scolaí a scríobh an script agus is é Paul Burke, duine de phríomhfhir stunt agus chóragrafaithe troda na hÉireann, atá ina stiúrthóir don seó. Bhí na Fomhóraigh le feiceáil roinnt féiltí Gaeltachta i mbliana, lena n-áirítear Féile an Phléaráca, Féile na Bealtaine, Daingean, Féile na Gréine, Ciarraí, Carnabhál na gCealla Beaga, agus Féile an Dóilín, chomh maith le Féile Samhraidh an Chabháin agus Féile Dhugthailte Bhaile Átha Cliath.
|
|