|
Saothair Ealaíne
Thosaigh Ariel ar an líníocht arís in 1998, toisc nach raibh sí in ann leanúint leis an ealaíon ar scoil, agus is le saothair bheoga theibí a bhí sí ag plé ar dtús, ag úsáid pastal bog agus ola. Chuaigh sí leis an bpéinteáil éadain agus leis an ealaín sráide tar éis di teacht go hÉireann in 2001 agus thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an ealaín Cheilteach agus chruth an duine
in 2004.
Fuair sí a céad choimisiún in 2000 ón gCultúrlann, Béal Feirste, le haghaidh sraith de phictiúir theibí, atá ar crochadh sa Chultúrlann fós.
Tar éis di an chéad phéire bríste stiltsiúltóireachta a mhaisiú le haghaidh a compántais siamsaíochta sráide,
Na Fomhóraigh, in 2006, thairg Maggie Biggs coimisiún d'Ariel le 15 phéire bríste stiltsiúltóireachta a dhearadh agus a mhaisiú do pharáid na Samhna ar Shráid an tSirriaim sa bhliain sin, agus dearthaí a bhí ann cheana féin agus saothair úra á n-úsáid aici.
Chuaigh sí leis an dealbhóireacht agus dearthóireacht mhascanna amach in 2007, agus is é masc dhragún na naoi n-adharc (thuas) a céad saothar den chineál seo.
Bhí Ariel ag obair le hAdharc na Teamhrach agus na brístí stiltsiúltóireachta do
Na Fomhóraigh a chríochnú in 2008, agus glacadh léi ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas um Ealaín Phobail ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha
(NCAD), in aineoinn nach ndearna sí aon staidéar foirmiúil ar an ealaín roimhe sin. Is é seo an ceathrú cúrsa iarchéime ar glacadh le hAriel air in Éirinn, in aineoinn gan bunchéim a bheith aici, an trí chinn roimhe sin san aistriúchán Gaeilge. Tá cúrsa
NCAD le críochnú i mí Mheithimh 2009 agus tá Ariel ag súil lena cleachtas ealaíne a fhorbairt tuilleadh i gcomhthéacs pobail tar éis di an dioplóma a bhaint amach.
|