Bóthar fada, casta is crua a bhí ann ó mhí na Samhna 2012 nuair a thosaigh mé ar iarrachtaí leis an Tionscadal Rap Idir-Ghaelach a chur ar bun, ach tá dhá cheann den trí amhrán a scríobhadh is a taifeadadh in imeacht díreach ceithre lá i mí na Samhna 2014 le fáil faoi dheireadh is faoi dheoidh mar Ari Indo! Dá mba mhaith leat tacú leis na hEalaíontóirí Ceoil Chomhaimseartha atá i gceist, is féidir leat an dá amhrán a cheannach agus íoslódáil anois ar iTunes ar díreach £1.58 anseo. Fhad's atáim ag fanacht go scaoilfear iad ar leithéidí Amazon MP3, Deezer, 7Digital & tuilleadh, tá fáilte romhat dul i dteagmháil tríd an Leathanach Teagmhála anseo agus rachaidh mé i dteagmháil leat a luaithe is atá siad ar fáil trí na meáin sin.
Is go cinnte, dá mba mhaith leat éisteacht leis na leagain iomlána de na hamhráin Dualchas (Oidhreacht) agus Saor sula n-íoslódálann tú iad, is féidir leat éisteacht leo trí Soundcloud thíos, agus tá na liricí agus aistriúcháin thíos freisin.

Tar éis tuilleadh oibre i rith 2015 do na halbaim Dàna-Thursan an Tillidh (Eachtraí an Fhillidh/Adventures of the Return) agus Trodaich na Teangan (Trodairí na Teanga), táim ag lorg comhoibrithe anois ar suim leo ceol Rap dátheangach Ceilteach den chaighdeán is airde a chruthú, le meascán stíleanna, idir dhamhsa tráchtála, house, & grime/jungle, do dhaoine fásta agus lucht éisteacha níos óige, chomh maith le físeáin cheoil le haghaidh dhá amhrán agus léirithe stáitse amach anseo, ag úsáid na scileanna ealaíne ar fad agam, idir ealaín tine, acro-ealaín, scríbhneoireacht scripte, dearadh feistis, smididh & ealaíne collainne. Má tá suim agat ann, tá fáilte romhat dul i dteagmháil liom tríd an leathanach teagmhála thíos.
|
Dualchas / Oidhreacht Liricí Gaeilge scríofa ag Ariel - Rann 3 Curfá & Droichead Gàidhlig (scríofa ag Ariel) |
|
|
Saor |
|
|
Cúlra an Tionscadail Tar éis beagnach dhá bhliain, tharla an tionscadal Rap Idir-Ghaelach, a mhaoinigh Iomairt Cholm Cille / Bòrd na Gàidhlig, i gCorcaigh, agus mise is Ruairidh Greumach, drumadóir ón mbanna cáiliúil leictreonach Gàidhlig, Niteworks, agus ar múinteoir Gàidhlig agus file freisin é, ag taisteal go Corcaigh le bheith ag obair leis na sàr-rapadóirí Gaeilge, Bubba Shakespeare & GMC.
D'éirigh chomh maith sin leis an tionscadal, is trí amhrán scríofa is taifeadta in imeacht díreach ceithre lá - an chéad uair ag Ariel a bheith ag obair sa seánra ceoil seo, gur thug Ariel taispeántas dá chuid oibre leis an amhrán dátheangach rap 'Set Yourself Free' ag Duaisean Nàiseanta na Gàidhlig i nGlaschú dìreach coicís ina dhiaidh, ag tuilleadh sárléirmheas ón Daily Record, á rá gur thug sí 'Knockout Performance' le pictiúr d'Ariel i mbun oibre le feiceáil sa pháipéar:
Dá mba mhaith leat breathnú ar chuid den obair iontach a bhíonn ar siúl ag Bubba Shakespeare & GMC sa Ghaeilge, tá ceann dá gcuid amhrán thíos. Bhí sé iontach a bheith ag obair leo agus ba mhaith liom oibriú leo tuilleadh go cinnte is barracht rap Gaeilge/Gàidhlig a chruthú, agus tar éis bualadh le duine ón mBreatain Bheag a oibríonn do lipéad ceoil chomhaimseartha Bhreatnaise, ba mhaith liom go mór breathnú ar chomhoibriú le daoine sa saol ceoil iontach thíos ansin freisin...
|
|